Subaltern ar Stáitse
: Seachadadh agus Taibhléiriú na Scéalaíochta i dTír Chonaill

Translated title of the thesis: Subaltern on Stage: Delivery and Performance of Storytellers in Donegal
  • Seanan Mac Aoidh

Student thesis: Doctoral Thesis

Abstract

Is é cuspóir an tráchtais seo iniúchadh a dhéanamh ar an scéalaíocht thraidisiúnta Ghaeilge mar ghné de chultúr beo na Gaeltachta sa tréimhse nua aimseartha agus sa lá atá inniu ann. Díríthear isteach anseo ar Ghaeltacht Thír Chonaill. Leis an chuspóir seo a bhaint amach dearcthar ar ghnéithe de shealbhú, sheachadadh agus thaibhléiriú na scéalaíochta san am a chuaigh romhainn comh maith le fianaise bunaithe ar thaighde eitneagrafaíoch sa chomhthéacs chomhaimseartha. Rinneadh an taighde seo i gcuideachta scéalaithe comhaimseartha Gaeltachta agus saineolaithe dúchasacha eile. Glactar le léann an taibhléirithe mar threoir don taighde agus tarraingthear ar an mhodh anailíse seo ó thús deireadh. I ndiaidh an scéalaíocht a mheas mar ghné den chultúr Ghaelach sa tréimhse stairiúil, amharcthar ar na próisis agus na pátrúin éagsúla a bhain le seachadadh agus taibhléiriú na scéalaíochta sa chomhthéacs thraidisiúnta thuaithe a bhaineann leis an dara leath den naoú haois déag agus an chéad leath den 20ú haois. Bheirtear aird ar leith ar an gheáitsíocht agus an aisteoireacht mar chuid de thaibhléiriú na scéalaíochta sa tréimhse seo agus dearcthar fosta ar chomhthéacsanna taibhléirithe scéalaíocht na mban. Ina dhiaidh sin bheirtear spléachadh ar na hathruithe a bhain do chultúr na scéalaíochta in Éirinn sa tréimhse nua aimseartha. Le cois spíonadh ar na cúiseanna le meath na scéalaíochta bheirtear cuntas ar thionscnaimh nua aimseartha le feidhmeanna úra a thabhairt don scéalaíocht. Caitear súil ansin ar an scéalaíocht sa chomhthéacs chomhaimseartha agus féachthar le sintéis a bhaint amach de theoiricí an tseachadta agus an taibhléirithe agus taithí agus tuairimí na scéalaithe comhaimseartha Conallacha. Díríthear isteach ansin ar chomhthéacsanna taibhléirithe scéalaíochta sa lá atá inniu ann atá foirmeálta, neamhfhoirmeálta, príobháideach agus poiblí. Lena chois sin, scrúdaíthear agus ghníthear caibideal ar lorg na timpeallachta agus lorg an scéalaí féin ar ealaín bhéil na scéalaíochta. Chuathas i gcionn an taighde seo le bearna shonraíoch sa litríocht a líonadh agus le haird a dhíriú ar an ghné thábhachtach seo den chultúr Ghaelach sa chomhthéacs chomhaimseartha.
Date of AwardJun 2020
Original languageIrish
SponsorsVice Chanchellor's Research Scholarship
SupervisorArt Hughes (Supervisor) & Maxim Fomin (Supervisor)

Keywords

  • Scéalaíocht
  • Taibhleiriú
  • Cultúr
  • Béaloideas

Cite this

'