An Scríbhneoir agus An Seanchaí
: Cás-staidéar ar na trasnuithe agus ar na deighiltí i ngearrscéalta iontais Shéamuis Uí Ghrianna agus saothar béil Annie Báine

Translated title of the thesis: The Writer and the [Traditional] Story-Teller: A Case Study of the Convergences and the Divergences in the Short Wonder Stories of Séamus Ó Grianna and of the Oral Oeuvre of Annie Bhán
  • Michael Casey

Student thesis: Doctoral Thesis

Abstract

Is ar éigean, ar ndóigh, is féidir saothar Shéamuis Uí Ghrianna a chaibidil gan béaloideas a lua nó is minic a thagraítear i léirmheasanna ar an scríbhneoir do chultúr an traidisiúin bhéil a bheith mar chúlra nó d’anáil an bhéaloidis a bheith le mothachtáil ina chuid saothar. Dá mb’amhlaidh gur tharraing sé an oiread sin ó thobar an traidisiúin bhéil agus gur admhaigh na léirmheastóirí an méid sin féin, nár chóir cur chuige béaloidis a tharraingt isteach faoi raon an phlé le go dtuigfear go cruinn beacht an áit a dtrasnaíonn féith an chaomhnóra le féith na cruthaitheachta ina chuid saothar. Chonacthas dom mar sin go raibh géarghá le buntaighde ar ábhar an bhéaloidis i saothar Uí Ghrianna. Le hiniúchadh a dhéanamh air seo, d’fhéach mé le dhá shlat tomhais a tharraingt isteach. A chéad uair, baineadh úsáid as Prionsabail na n-Insintí Béil de chuid Axel Olrik mar phointí comhtheagmhála ar na gnásanna atá sa traidisiún béil. Ansin, bhain mé úsáid as deirfiúr Shéamuis, an seanchaí Annie Bhán, le féacháil ar na Prionsabail agus iad ar obair. Is é atá i gceist agam mar sin go bhfuil idir shruth béaloidis agus shruth litríochta sa tráchtas seo. Sílim go dtabharfaidh cur chuige den tseórt seo deis annamh
do léinn na Gaeilge fios a bheith againn ar nósanna traidisiúnta agus ar chúrsaí stílíochta a chleacht Séamus Ó Grianna le linn a shaoil fhada scríbhneoireachta.
Date of AwardOct 2020
Original languageIrish
SupervisorPeter Smith (Supervisor) & Bertie O'Corrain (Supervisor)

Keywords

  • Folklore
  • Béaloideas
  • Oral theory
  • Teoiric
  • Olrik
  • Intersections
  • Divisions

Cite this

'