Abstract
Staidéar iarchoilíneach atá sa tráchtas seo. Ón bhorradh mór faoin Athbheochan Chultúrtha ag tús an chéid go dtí athneartú na bhfórsaí coimeádacha faoin Saorstát, cuimsíonn réim Uí Chonaire mar scríbhneoir an tréimhse chinntitheach i stair nua-aimseartha na hÉireann. Suíonn an tráchtas an saothar go lárnach in aimsir réabhlóideach a linne, agus léiríonn sé Ó Conaire mar scríbhneoir a bhí go mór faoi thionchar mhórscribhneoirí an Réalachais Eorpaigh a rinne critic dhomhain ar a sochaí tríd eispéireas beo an duine aonair a tharraingt ina saothar. In ionad an bhéim a chur ar choimhthiú nua-aimseartha a chuid carachtar, nó ar radacachas chuid polaitíochta an údair féin, déanann Ó Conaire an tsintéis riachtanach dá bharr idir na gnéithe síceolaíocha agus polaitiúla i mbundearcadh an scríbhneora chruthaithigh.Sa chéad chaibidil pléitear Deoraíocht mar úrscéal cumasach frithchoilíneach bunaithe ar mhonalóg cheannairceach ó lárionad na Impireachta ollmhóire. Scrúdaíonn an dara caibidil ráitis lárnacha a rinne Ó Conaire ina chuid iriseoireachta faoi ról an scríbhneora sa tsochaí, agus faoin tsochaí í féin sa tréimhse chorrach 1917-1921, i gcomhthéacs criticiúil a tharraingíonn comparáid idir radacachas bunaidh an scríbhneora i litríocht nua-aimseartha na Rúise agus i dtraidisiún liteartha na nGael. Meastar na cúig cinn dá dhrámaí sa tríú caibidil, óna mbunspreagadh i ndrámaí de hÍde faoi shochaí thraidisiúnta na Gaeltachta go dtí forbairt laoch coiméideach na hamharclainne Eorpaí. Cuimsíonn an rogha dá chuid gearrscéalta sa cheathrú caibidil an t-achar a shiúlann saothar cruthaitheach an Chonairigh, ón íobartach tragóideach faoin chóras coilíneach i gcás Pháidín Mháire, go dtí coiméide threascrach Fhearfeasa Mhic Fheasa agus dúshlán an choinbhinsiúnachais oifigiúil á thabhairt aige ina scéalta.
Más mian linn an fhíorshaoirse a mhol Ó Conaire a bhaint amach mar Éireannaigh, ní foláir dúshraith fholaigh na sochaí comhaimseartha a aimsiú ina shaothar mar a bhfuil scáthán fírinneach le fáil ar an ré inar múnlaíodh Éire an lae inniu.
| Date of Award | Aug 2013 |
|---|---|
| Original language | Irish |
| Sponsors | Department of Employment and Learning |
| Supervisor | Fionntan De Brun (Supervisor) & Iain Mac Pherson (Supervisor) |
Keywords
- Phádraic Uí Chonaire
- postcolonialism
Cite this
- Standard