Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

An Domhan agus a Athair: Staidéar ComparáideachAr an gCruinne Fhireann agus ar Fhireannachtaíi bPrós-Scríbhneoireacht Triúr Scríbhneoirí Gaeltachta:Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Cíobháin,Joe Steve Ó Neachtain: 1983-2013

  • Sorcha De Brun

    Student thesis: Doctoral Thesis

    Abstract

    Is éard atá sa tráchtas seo ná staidéar comparáideach ar thriúr scríbhneoirí a bpléann a saothar leis an gcruinne fhireann: Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Cíobháin agus Joe Steve Ó Neachtain. Tá an téis bunaithe ar an tuiscint go bhfuil an chruinne fhireann agus fireannachtaí mar chuid lárnach de phrós na linne, agus gur i saothar Uí Chonghaile, Uí Chíobháin agus Uí Neachtain is mó a shonraítear na fireannachtaí sin. Is í 1983-2013 an tréimhse atá idir chamáin, blianta inar tharla mórán athruithe sóisialta agus polaitíochta in Éirinn. Agus léann na bhfireannachtaí mar fhráma tagartha don staidéar, tarraingítear ar choincheapa éagsúla faoin bhfireanneacht heigeamaineach agus neamh-heigeamaineach chun an bealach a réiteach leis na saothair a chíoradh. Is é cuspóir don staidéar ná an chruinne fhireann agus fireannachtaí i saothar an triúir a shoilsiú, agus a áiteamh go soláthraíonn na saothair léargais as an nua i bprós-scríbhneoireacht na Gaeilge ar fhireannachtaí agus ar an taithí fhireann. Mar aon leis na léargais as an nua, léirítear go dtarraingíonn na húdair ar ghnéithe den traidisiún liteartha agus den traidisiún béil, agus go gcuireann siad na gnéithe sin in oiriúint don taithí fhireann. Léirítear go dtarraingíonn siad ar thaithí stairiúil agus shóisialta an fhir Ghaeltachta ar bhealaí faoi leith agus le torthaí éagsúla. Is iad pointí lárnacha an staidéir ná gur gnáiche a mheascann na húdair gnéithe den réalachas agus den neamhréalachas, nach ionann an chruinne fhireann agus an chruinne phatrarcach, agus gurb éard atá i gcuid mhaith de na saothair ná léiriú ar an teanga mar ghléas don fhear aonair é féin agus a fhireannacht a chur in iúl.

    Date of AwardJul 2015
    Original languageIrish
    SupervisorIain Mac Pherson (Supervisor) & Fionntan De Brun (Supervisor)

    Cite this

    '