An Útóipe, an Heitrea-útóipe agus an Diostóipe
: Fís na Todhchaí agus Fáinne an Útóipeachais i Litríocht na Gaeilge

  • Tricia Carr

Student thesis: Doctoral Thesis

Abstract

Pléann an tráchtas le teoiricí an útóipeachais, an heitrea-útóipeachais agus an
diostóipeachais i gcomhthéacs litríocht na Gaeilge. Cuirtear critic na dteoiricí sin i bhfeidhm ar shamplaí a roghnaíodh de phróslitríocht na Gaeilge idir 1949-2018, rud nach ndearnadh go dtí seo sa Ghaeilge.
Le linn an taighde ar theoiricí agus ar shaothair an útóipeachais, an heitreaútóipeachais agus an diostóipeachais, ba léir go raibh téamaí agus prionsabail éagsúla i gceist le feiniméan an útóipeachais liteartha. Déantar na trí mhórthéama seo a phlé i dtrí chaibidil:
1. I gcás an útóipeachais, agus sa chéad chaibidil, roghnaíodh dhá úrscéal
a léiríonn tréithe an útóipeachais i litríocht na Gaeilge: cineál na
hútóipe, agus an bhrionglóidíocht shóisialta (social dreaming): Néal
Maidine Tine Oíche (1964) agus Is Glas na Cnoic (1977).
2. Déantar anailís liteartha sa dara caibidil ar úrscéal amháin, is é sin Cré
na Cille (1949), agus ar dhráma amháin, An Triail (1978). Tá sé
phrionsabal i gceist le teoiric Michel Foucault ar an heitrea-útóipeachas
(1984); tá baint ar leith le dhá cheann acu seo le litríocht na Gaeilge,
agus is samplaí iontacha iad an t-úrscéal agus an dráma seo ar na
prionsabail roghnaithe.
3. Pléitear dráma amháin sa tríú caibidil agus an diostóipeachas á
ghrinniú, is é sin Makaronik (2014) le Dave Duggan. Bhí an dráma
úrnua agus bhí deis ann anailís liteartha a dhéanamh air trí lionsa an
diostóipeachais. Is léiriú é an dráma seo ar gach tréith den diostóipe:
easpa smachta, agus cumhacht an duine aonair.
vi Cinneadh gan ach anailís a dhéanamh ar chúig théacs mar chuid den tráchtas; déanann na téacsanna seo na tréithe is mó san útóipeachas i litríocht na Gaeilge a léiriú agus níl fairsinge ann mionphlé a dhéanamh ar níos mó ná sin. Pléann Is Glas na Cnoic agus Néal Maidine Tine Oíche leis an útóipeachas ar dhóigh shoiléir, is aisling iad. Tá iarracht déanta léamh úr a dhéanamh ar roinnt saothar a phléadh roimhe; dála Cré na Cille agus An Triail sa dara caibidil ar an heitrea-útóipeachas, agus léargas a thabhairt ar shaothar nach bhfuil mórán anailíse déanta air ach ar sampla iontach é den diostóipeachas: Makaronik sa tríú caibidil. Déantar tagairt do shaothair eile sa litríocht Ghaeilge de réir mar is cuí.
Taispeánann an taighde seo agus an anailís a dhéantar ar na saothair
roghnaithe, an nasc idir na trí theoiric féin, nó tá téamaí agus móitíf i gcoiteann acu.
Nochtann an anailís go bhfuil fáinne san útóipeachas a thugann léargas úr dúinn ar na saothair litríochta seo sa Ghaeilge, agus go bhfuil fréamhacha ársa ag litríocht na Gaeilge san útóipeachas
Date of AwardJul 2021
Original languageIrish
Awarding Institution
  • Ulster University
SponsorsAHRC - Centre of Doctoral Training
SupervisorGearoid O Domagain (Supervisor), Caoimhin O Donaill (Supervisor) & Fionntan De Brun (Supervisor)

Cite this

'