Abstract
Sa bhliain 1958, foilsíodh an chéad leagan den Chaighdeán Oifigiúil “mar chaighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne”. Taobh amuigh de Rannóg an Aistriúcháin a chruthaíonn an caighdeán, áfach, ní léir cén ról a bhíonn ag an phobal i gcoitinne sa phróiseas caighdeánaithe; ná cén seasamh atá acu ina leith. Áitítear anseo nár soiléiríodh sin sna hathbhreithnithe is déanaí ar an Chaighdeán Oifigiúil (in 2012 agus 2016).Maítear sa tráchtas go bhfuil meascán idé-eolaíochtaí teanga le fáil i measc idir bhainisteoirí an Chaighdeáin Oifigiúil agus ghnáthúsáideoirí teanga sa phobal. Déantar dhá chás-staidéar de na páirtithe leasmhara sin agus fiosraítear ionchar a nidé-eolaíochtaí ar éifeachtacht an chaighdeánaithe teanga mar phróiseas.
Is é an tráchtas seo an chéad staidéar cuimsitheach a dhéanann anailís ar an éifeachtacht sin, i gcomhthéacs an Chaighdeáin Oifigiúil, go díreach agus ar bhonn eimpíreach. Úsáidtear straitéis mheasctha (cáilíochtúil agus cainníochtúil) sa taighde; baintear leas as agallaimh leath-struchtúrtha agus as ceistneoir ar líne chun na sonraí a bhailiú. San iomlán, bhí sampla suntasach de 316 dhuine páirteach sa staidéar.
I measc phríomhthátail an taighde, taispeántar go mothaíonn cuid shuntasach de na rannpháirtithe dícheangailte ar fad ón phróiseas caighdeánaithe sa Ghaeilge. Léirítear go bhfuil iomaíocht idé-eolaíoch ann faoi cheisteanna inéireachta, cuimsithe agus rannpháirtíochta. Tá idé-eolaíocht chlasaiceach ann a bhraitheann ar an údarás stáit agus a chosnaíonn an smacht atá ag grúpa beag bainisteoirí teanga ar an chaighdeánú. Os a choinne sin, tagann idé-eolaíocht haonlathach chun cinn, fosta, a chuireann dúshlán faoi sin agus a éilíonn aird as an úr a thabhairt ar thógáil na rannpháirtíochta pobail sa phróiseas. Déantar an cás go gcuirfear caighdeánú na Gaeilge chun lántairbhe ach tabhairt faoi shoiléiriú idé-eolaíoch chun an iomaíocht sin a cheansú.
Date of Award | Oct 2024 |
---|---|
Original language | English |
Supervisor | Caoimhin O Donaill (Supervisor) & Gearoid O Domagain (Supervisor) |
Keywords
- language standardisation
- standard language
- minority language standardisation
- Irish language
- Celtic