Abstract
Traidisiún seanbhunaithe in Éirinn, in Albain, agus ar an Oileán Mhanann í an Fhiannaíocht agus laoithe na sraithe seo ar fáil sna lámhscríbhinní is luaithe dá bhfuil againn go dtí na cinn is moille.[1] Is é an aidhm atá leis an tráchtas seo ná go mbeidh tuiscint níos iomláine againn ar na laoithe Fianaíochta agus an dóigh ar canadh iad, na hócáidí lenar canadh iad, agus a ról sa tsochaí i dtréimhse na Nua-Ghaeilge. Tá rún agam anailís a dhéanamh ar theanga agus ar théacs na laoithe agus ar an fhorbairt theangeolaíochta a phlé. Amharcfar ar na laoithe deireanacha agus ar an athrú, idir theanga agus ábhar, a tháinig orthu thar na blianta. Fiosrófar na hathruithe sin le leathshúil ar an tsochaí in Éirinn agus blas coiteann na linne agus le leathshúil ar theoiricí an traidisiúin bhéil, ar nascanna liteartha-béalaithris agus ar phróiseas na béalaithrise.Úsáidfear LS A20 i gColáiste na hOllcoile Baile Átha Cliath (an lámhscríbhinn ar a gcuirtear Duanaire Finn go coitianta) mar chás-staidéar agus amharcfar ar na fáthanna a raibh suim ag an phatrún agus ag an scríobhaí san Fhiannaíocht. Pléifear ansin níos mó ná 300 bliain de na laoithe Fiannaíochta, idir fhorbairt agus úsáid, agus cuirfear na laoithe a mhair i dTír Chonaill [2] san aois seo caite.
Díreófar ar Thír Chonaill agus na laoithe deireanacha béil á bplé. Sin í an áit inar mhair bunús na laoithe deireanacha, agus as a raibh cuid mhaith de na scríbhneoirí a phléigh na laoithe i litríocht na haoise seo caite. Anuas air sin, bhí orainn srian tíreolaíochta a chur leis an tsaothar le líon na bhfocal a choinneáil faoi smacht agus go mbeadh muid in innibh grinnscrúdú a dhéanamh ar laoithe áirithe. Pléifear Clann Mhic Grianna, a luaigh, agus ag a raibh, cuid mhór laoithe, ach go háirithe.
[1] Ní hamháin go bhfuil siad ar fáil ó thus go deireadh thraidisiún na lámhscríbhinne ach tá na laoithe seo ar fáil go fairsing sna lámhscríbhinní céanna.
[2] Úsáidtear ‘Dún na nGall’ i dteideal an tráchtais seo ach aithnítear sin mar théarma nach raibh in úsáid go dtí ar na mallaibh. ‘Tír Chonaill’ (nó ‘Inis Eoghain’) a úsáidtear sa tráchtas seo.
Date of Award | Dec 2023 |
---|---|
Original language | English |
Sponsors | Arts and Humanities Research Council |
Supervisor | Maxim Fomin (Supervisor), Peter Smith (Supervisor), Nioclas Mac Cathmhaoil (Supervisor) & Bertie O'Corrain (Supervisor) |
Keywords
- Ossianic
- Lay
- Ballad
- Fiannaíocht
- Oral tradition