Abstract
Taifid Doegen mar uirlis reatha don Ghaeilge agus mar uirlis don todhchaí
Sa bhliain 1928 tháinig an Dr Wilhelm Doegen (1877-1967), agus a chúntóir, Karl Tempel, as an Rannóg Fuaime i Státleabharlann na Prúise (Lautabteilung, Preussische Staatsbibliothek) i mBeirlín go hÉirinn in 1928 le tús a chur le sraith taifead a dhéanamh de chainteoirí Gaeilge fud fad na hÉireann. Chaith an bheirt coicís i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i Meán Fómhair 1928, ag taifeadadh cainteoirí ó chontaetha Phort Láirge agus Thiobraid Árann agus ó oirthear Chorcaí; agus seachtain eile i gClochar na Trócaire, Cill Airne, ag taifeadadh cainteoirí ó Chiarraí agus ó iarthar Chorcaí. Rinne an tUasal Tempel taifeadadh sna cúigí eile idir 1930 agus 1931.
Bhí beagnach 400 fuaimrian sa bhailiúchán seo a luigh gan mórán úsáide agus ó aird an phobail i gcartlanna éagsúla le linn an 20ú céad gur tharraing Acadamh Ríoga na hÉireann aird ar an chnuasach leis an tsuíomh idirlín https://doegen.ie/ - áis a chuireann na taifid ar fáil mar fhuaimrianta a bhfuil tras-scríobh Gaeilge, aistriúcháin Bhéarla agus nótaí ag dul leo.
Is deis iontach é seo teacht a bheith againn ar thaifead ó chainteoirí dúchais as ceantair nach Gaeltachtaí níos mó iad. Sa pháipéar seo pléifear:
1 úsáid chartlann Doegen don fhohghraíocht agus mar dhroichead isteach don fhogharscríobh ag fochéimithe.
2 úsáid chartlann Doegen mar uirlis iontach do aithghiniúint ghotha sa todhchaí.

Original language | Irish |
---|---|
Publication status | Published (in print/issue) - 8 Jun 2023 |
Event | Teangeolaíocht na Gaeilge - Royal Irish Academy, Dublin, Ireland Duration: 8 Jun 2023 → 9 Jun 2023 https://www.eventbrite.ie/e/teangeolaiocht-na-gaeilge-linguistics-of-the-gaelic-languages-tickets-596502614377 |
Conference
Conference | Teangeolaíocht na Gaeilge |
---|---|
Country/Territory | Ireland |
City | Dublin |
Period | 8/06/23 → 9/06/23 |
Internet address |