Abstract
Déantar, sa pháipéar seo, cur síos ar chineál agus ar chúiseanna sochtheangeolaíochta an chódaistrithe sa Ghaeilge. Déantar an códaistriú agus a chomharthaí sóirt a shainléiriú agus déantar plé ar fhréamhacha anchódaistrithe sa Ghaeilge i bhfianaise na teagmhála teanga mar a bhí ann idir an Béarla agus an Ghaeilge le fada.Déantar, ansin, anailís ar shamplaí den chódaistriú mar a fuarthas sa ghort iad. Is ar chorpas den chaint bheo ócheantar Ghort an Choirce i dTír Chonaill1 atá an anailís seo bunaithe ach tugtar isteach samplaí ó cheantair eile,mar atá Gaoth Dobhair agus Iorras Aithneach leis an téis a thástáil. Tugtar eolas ar athróg shochtheangeolaíochtana haoise a théann i bhfeidhm ar mhinicíocht agus ar shubstaint an chódaistrithe agus déantar tagairt dá bhfuilfaighte amach faoi theangacha eile. Déantar luacháil, ar deireadh, ar a thábhachtaí atá méadú ar mhinicíocht anchódaistrithe i suíomh mionteanga a bhfuil cailliúint bunréimeanna cainte curtha i leith a cuid cainteoirí cheana féin.
Original language | English |
---|---|
Pages (from-to) | 199-245 |
Journal | Éigse: A Journal of Irish Studies |
Volume | XXXVII |
Publication status | Published (in print/issue) - 30 Oct 2013 |